Gníomhaithe tithíochta gortaithe go dona le linn forghabháil shíochánta

Le trí seachtaine anuas bhí gníomhaithe, atá mar chuid den fheachtas pobalbhunaithe ‘Take back the City', ag glacadh seilbh ar theach folamh ar Shráid Fhreidric i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath., le haird an phobail a tharraingt ar an easpa tola sa Rialtas dul i ngleic leis an ghéarchéim thithíochta.

Tá 10,000 duine anois gan dídean sa Phoblacht, 3,755 páiste ina measc.

Tháinig deireadh leis an fhorghabháil neamhdhleathach oíche Mháirt, nuair a chaith grúpa fir a raibh balaclávaí orthu amach na gníomhaithe a bhí sa teach folamh.

Bhí na Gardaí i láthair ar an oíche agus cé nach raibh baint acu leis an fhoréigean féin, bhí iontas ar go leor daoine go raibh balaclávaí agus húdaithe á gcaitheamh acusan fosta.

Cé gur fhág na gníomhaithe an teach as a stuaim féin, go síochánta, ghabh na Gardaí seisear le linn na hagóide a bhí ar súil taobh amuigh ar na sráideanna, agus gortaíodh cuid daoine chomh dona sin go raibh orthu dul chun na hotharlainne.

I ráiteas a tugadh dúinn, dúirt urlabhraí thar ceann An Garda Síochána:

“The repossession was carried out by a private firm acting for the owner of the premises. A Garda public order unit was deployed in order to prevent other persons from entering the building while the repossession was being conducted.”

“An Garda Síochána’s role at such events is to facilitate peaceful protest while protecting the rights of individuals to do their lawful work safely – in this case carrying out an order of the High Court. Our objective with any such operation is to ensure the safety of the public,”

Ag labhairt faoin eachtra féin, bhí ardmholadh ag Coimisinéir nua an Gharda Síochána, Drew Harris, do na Gardaí a bhí i láthair as a bhféinsmach, ach dúirt sé nach raibh sé ceart go raibh ‘húdaithe’ á gcaitheamh acu.

Tá seilbh gafa ag feachtasóirí ‘Take back the City’ ar theach folamh eile anois i lár na cathrach.

Tá urghaire faighte acu le rá go gcaithfidh siad imeacht as an teach láithreach, ach dúirt na gníomhaithe nach bhfuil siad ag dul áit ar bith, agus go bhfuil siad chun leanstan ar aghaidh lena bhfeachtas.

Close
Close