Gairdíní Cois Coille fós ag fanacht ar chomharthaíocht dhátheangach

Tá cónaitheoirí i nGairdíní Cois Coille i Phort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha, go fóill ag fánacht ar chomharthaí dátheangacha a bheith curtha in airde i ndiadh tacaíocht 90% a fháil ó na daoine áitiúla sa cheantar.

D’éirigh le gníomhaithe an tacaíocht seo a bhailiú i mí Dheireadh Fómhair 2023 ach dhiúltaigh Comhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon don iarratas go dtí go mbeadh siad in ann cuairt a thabhairt ar na Gairdíní, rud atá ag cur moill nach bhfuil cothrom ar an phróiseas, dar le Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge.

Bhí Meon Eile i nGairdíní Cois Coille ar na mallaibh agus póstaer i mbeagnach gach fuinneog ag éileamh comharthaí dhátheangacha. Labhair muid le hAoife Ní Ágáin-Fontes atá ina cónaí ann agus den bharúil go bhfuil na comharthaí seo tuillte ag an cheantar atá sáite sa chultúr Ghaelach agus sa teanga.

Chuaigh Meon Eile i dteaghmháil le Comhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon faoin cheist. Is é seo an freagra a thug siad:

“As this is an ongoing application, the Council is not in a position to comment at this time.”

Close
Close