Go fóill ag fanacht ar chomharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste

Tá an pobal i mBéal Feirste go fóill ag fanacht ar chomharthaí sráide dátheangacha ó tugadh isteach an polasaí nua comharthaí sráide i mí Iúil 2022.

Faoi láthair, níl ach 5% de chomharthaí sráide sa chathair dátheangach, cé go bhfuil bunús Gaeilge ag 95% de na sráidainmneacha.

Mar gheall ar an chóras a tugadh isteach anuraidh, tá sé anois níos éasca ag daoine iarratas a dhéanamh ar chomharthaí dátheangacha a chur in airde ina gceantar féin. Anois, níl le dhéanamh ach dul chuig an suíomh dearg.ie agus roinnt sonraí a chuir isteach. Roimhe seo tháinig ball den chomhairle chuig an doras agat agus mura raibh tú sa bhaile ag an am measadh go raibh tú i gcoinne na gcomharthaí sráide dátheangacha.

Léirigh tuarascáil a foilsíodh le déanaí nár próiseáladh aon cheann den 600 iarratas a rinneadh ar chomharthaí sráide dátheangacha ó bhí mí Iúil ann.

Bhuail Meon Eile le Cuisle Nic Liam ón Dream Dearg agus Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fís an Phobail a bhí míshásta leis an easpa dul chun cinn atá déanta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. 

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar chomharthaí sráide dátheangacha i do cheantar, is féidir leat sin a dhéanamh anseo

Chuaigh muid i dteagmháil le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste faoin cheist, agus seo thíos an ráiteas uathu:

“The Council’s Dual Language Street Signs Policy was revised in July 2022. Since the new policy went live, there have been 600 requests for dual language street signs. 
“Officers are processing applications on a first-come, first-served basis, and are endeavouring to deal with requests as quickly as possible.
“A report on current processing times for applications will be provided to members for consideration at the next meeting of the council’s Strategic Policy and Resources Committee in February.”

Close
Close