Obair le tosú ar shuíomh nua Scoil an Droichid

Tá sé deimhnithe go mbeidh suíomh agus foirgneamh nua ag Scoil an Droichid, an bhunscoil Ghaeilge i ndeisceart Bhéal Feirste.

Is ag bun Bhóthar Ormeau atá Scoil an Droichid suite ó bhí 1996 ann ach i mí na Bealtaine cuirfear tús leis an tógáil ar shuíomh nua ar an Pharáid Theas ag barr Bhóthar Ormeau.

Beagnach 30 bliain i ndiaidh a bunaithe, tá níos mó ná 180 dalta anois ag freastal ar an scoil agus breis spáis de dhíth orthu.

Tá cuid de phobal na scoile go fóill ag feidhmiú i mbotháin agus táthar ag súil go mór leis an fhoirgneamh agus leis na hacmhainní a bheidh ar fáil ar an láthair nua.

Labhair Meon Eile le hAisling Nic Giolla Bhéin atá ina Príomhoide Gníomhach i Scoil an Droichid a d’inis dúinn go bhfuil siad ag fanacht go hoifigiúil le 12 bhliain ar an suíomh nua. Dúirt sí go bhfuil pobal na scoile ar bís go dtosófar ar an obair ar an suíomh go luath agus go bhfuil sé thar am na háiseanna cearta a bheith acu.

Táthar ag súil go mbeidh an foirgneamh nua ar oscailt faoi Mheán Fómhair 2026.

Close
Close