Foirgneamh úr £1.7m le tógáil ag Raidió Fáilte

Tá foirgneamh úr ar luach £1.7 milliún le tógáil ag Raidió Fáilte, stáisiún raidió Gaeilge Bhéal Feirste a bheas ag craoladh 10 mbliana le ceadúnas an Fómhar seo.

Thar na blianta bhí Raidió Fáilte ag craoladh as Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus as Ionad an Dá Spuaic i mBéal Feirste. Anois, táthar i ndiaidh maoiniú a fháil d’fhoirgneamh nua s’acu féin ag bún Bhóthar na bhFál.

Thug Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann an talamh dóibh mar pháirt de thraschur pobail. Táthar le tacaíocht airgeadais a fháil ó rannaí stáit, Comhairle Bhéal Feirste agus Ciste Infheistíochta na Gaeilge don tógáil úr.

Áis an-luachmhar a bheas ann don chraoltóireacht Ghaeilge ó thuaidh agus deiseanna le cruthú ann do chraoltóirí, ceoltóirí, ealaíontóirí agus pobal na Gaeilge sa chúige.

Labhair Meon Eile le Fergus Ó hÍr, Bainisteoir Raidió Failte, faoin fhorbairt mhór atá ar na bacáin…

Raidió Fáilte
Close
Close