Feachtas #SoftOptOutNI ceadaithe ag an Fheidhmeannas

D’éirigh leis an fheachtas #SoftOptOutNI ar na mallaibh nuair a cheadaigh an Chéad-Aire Paul Given reachtaíocht ó Robin Swann ar son ‘scar-rogha bhog’ dul trí Thionól an Tuaiscirt ar bhonn práinneach sula rachaidh an Rialtas ar shos samhraidh.

Labhair Meon Eile le Máirtín Mac Gabhann faoin dea-scéal seo, faoin obair ar fad atá déanta aige don fheachtas agus faoin dóigh a bhfuil ag éirí lena mhac Dáithí a bhfuil galar croí air. 

Chuidigh Máirtín agus a theaghlach le Robin Swann an feachtas a sheoladh, rud a bhí sé iontach sásta a dhéanamh ar mhaithe le deonú orgáin. Tá an feachtas ag méadú gach lá agus is léir go bhfuil an feachtas ar son deonú orgáin níos láidre ná mar a bhí riamh ó thuaidh.

Close
Close