Feachtas ar son meánscoile saor-scartha i nDoire

Feachtas ar son meánscoile saor-scartha i nDoire

Tá feachtas tosaithe ag grúpa tuismitheoirí i gcathair Dhoire le méanscoil shaor-scartha neamhspleách a bhunú.

Deir Oisín Mac Éo, Príomhoide Ghaelscoil na Daróige, go bhfuil idir 50 agus 70 páiste ag fágáil an chórais bhunscolaíochta gach bliain gan rogha méanscolaíochta ar fáil dóibh agus dá bharr tá moladh forbartha meánscoile á ullmhú ag lucht an fheachtais.

Is ar mheánscoil neamhspleách atá feachtas na dtuismitheoirí dírithe. Dúirt Corey Hannah atá bainteach leis an fheachtas nach bhfuil sruth á lorg acu mar gheall ar an dóigh inar chríochnaigh Coláiste Cholmcille ocht mbliana ó shin.

Dúirt an Roinn Oideachais le Meon Eile go mbeadh siad sásta tabhairt faoi fhorbairt na meánscolaíochta i gcontae Dhoire agus i gceantar Fheabhail. Thug an Roinn cead d’iarratas ar mheánscoil neamhspleách i nDún Geimhin ar an mhí seo caite.

“Bheadh ar aon mholadh forbartha do bhunú scoile den chineál seo a bheidh ag teacht le critéir láidre i dtaca leis an éileamh agus le hinbhuanaitheacht sa todhchaí,” a dúirt an tAire Oideachais, John O’Dowd.

Lean an tAire leis ag maíomh go bhfáilteodh sé roimh fhorbairt ionaid agus soláthar neamhspleách san fhadtréimhse.

“Más rud é nach féidir sin, taobh istigh de chúinsí atá i réim agus faoi réir mhianta na dtuismitheoirí, tacaim chomh maith lena bheith ag bogadh i dtreo scoileanna neamhspleácha de réir a chéile ó aonaid níos lú i scoileanna d’ardchaighdeán atá ann cheana féin.”

Seo chugaibh léargas ar scéal an tsoláthair faoi láthair…

Feachtas ar son méanscoile
Close
Close