Faoiseamh agus sonas le dáileadh torthaí A-Leibhéal

Beagnach 13,000 scoláire i dTuaisceart na hÉireann a fuair torthaí A-Leibhéal i mbliana. Le himeacht an tsamhraidh, tá tús nua anois i ndán do na fir agus na mná óga seo.

Tugadh deis do scoláirí teacht ar a gcuid torthaí ar an idirlíon. Tháinig beagnach 5,000 scoláire i 35 tír éagsúil ar a dtorthaí ar an dóigh seo i mbliana. In ainneoin na fírice seo, lean an tromlach acu an bealach traidisiúnta lena dtorthaí a bhailiú ón scoil.

Thug Shane Ó Curraighín cuairt ar Choláiste Feirste, an mhéanscoil Ghaeilge is mó sna sé chontae, nuair a dáileadh na torthaí i measc iardhaltaí na scoile.

Labhair sé leo faoin dúil agus dóchas atá acu don todhchaí agus faoi osna faoisimh na maidine…

Torthaí A Leibhéal / Shane Ó Curraighín

Bhí dea-scéala torthaí ann fosta d’fhir agus mná óga lasmuigh den ghnáth-chóras méanscolaíochta. Díríonn Gaelchúrsaí ar dhaltaí nár lean an gnáth-chóras nó a d’fhág an scoil go luath.

“Seo an chéad bhliain dúinn daltaí a chur fríd an Ard-Leibhéal agus d’éirigh le 100% Ard-Leibhéal a bhaint amach,” a dúirt Colma Kee, Stiúrthóir Gaelchúrsaí. “Scéal iontach agus sár-iarracht ag na daltaí seo,” arsa Colma.

Close
Close