Easpa múinteoirí sna coláistí samhraidh i mbliana

Tá sé faighte amach ag Meon Eile go bhfuil coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi bhrú agus ag streachailt múinteoirí a fháil i mbliana, le cuid de na cúrsaí le tosnú ar an tseachtain seo chugainn.

Tháinig an scéal seo chun cinn agus ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill ag labhairt le muintir Choláiste Mhuire i Loch an Iúir. I ndiaidh roinnt fiosrúcháin, bhí sé soiléir go bhfuil go leor coláistí míshásta agus ag gearán faoi na rialacha a leagann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos maidir le fostú múinteoirí.

Bíonn rialacha, atá aontaithe leis an Roinn, Oideachais agus Scileanna, le sásamh ag achan choláiste Gaeilge sular féidir aitheantas a thabhairt dóibh i leith cúrsaí a bhíonn á n-eagrú acu, agus tá critéir maidir le fostú múinteoirí ina measc na rialacha sin.

Labhair Seán le Domhnall Ó Néill atá ar choiste Choláiste Mhuire, Loch an Iúir.

Dúirt Domhnall go dtagann go leor de na múinteoirí ó na Sé Chontae agus de bharr na rialacha caithfidh siad a bheith cláraithe leis an Chomhairle Mhúinteoireachta.

Dúirt sé go mbeidh na múinteoirí cáilithe go fóill ag teagasc ó thuaidh go dtí deireadh na míosa, agus mar sin tá siad i bponc agus iad gann ar cheithre mhúinteoir.

Labhair Meon Eile le hOrlagh McConnell fosta. Beidh iarchéim mhúinteoireachta á bronnadh ar Orlagh ar an Aoine seo agus beidh sí ansin iomlán cáilithe mar mhúinteoir scoile. Ba bhreá léi múineadh i gcoláiste Gaeltachta i rith an tsamhraidh…

Coláiste Samhraidh

Tá sé ráite ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an tseachtain seo caite:

“Ní thabharfar aitheantas do thréimhse ar bith teagaisc a mhaítear i gcás múinteora nach bhfuil cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina gcruthaítear chun sástacht na Roinne go bhfuil céimeanna á dtógáil chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Breathnófar ar gach cás astu féin. Beidh an cinneadh deiridh i ngach cás ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta..”

“Ciallaíonn ‘céimeanna á dtógáil’ go bhfuil curtha in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta ag oide cáilithe gur mian leo clárú ach nach bhfuil an clárú críochnaithe. Is féidir leis an Roinn glacadh leis an múinteoir sin ach fianaise scríofa a bheith ar fáil go bhfuil an t-iarratas déanta.”

Close
Close