Léirsiú faoin easpa comharthaí Gaeilge ag Mórstáisiún Bhéal Feirste

An tseachtain seo caite rinne An Dream Dearg léirsiú spleodrach ag Mórstáisiún Bhéal Feirste, an mol nua taistil atá oscailte ag Translink i lár na cathrach ach nach bhfuil aon chomharthaíocht Ghaeilge le feiceáil ann, in ainneoin éilimh ó phobal na teanga.

Shiúil grúpa mór Gael ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál síos go dtí an stáisiún, áit ar oscail siad brat ollmhór ar a raibh lógó aitheanta An Dream Dearg agus ar chain siad roisc.

D'fhreastail Meon Eile ar an agóid agus labhair le beirt ógánach, Aoibhín agus Caoimhe, a tháinig chuig an léirsiú i ndiaidh na scoile. Labhair muid fosta le Pádraig ó Thiarnaigh ón Dream Dearg a labhair linn faoin fhrustrachas atá ar phobal na Gaeilge le fada an lá mar gheall ar sheasamh Translink i leith comharthaí Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Seo thíos ráiteas a chuir Translink ar fáil dúinn:

“We look forward to working with the Irish language commissioner when they are appointed by Stormont; and we continue to work closely with local communities to ensure that all aspects of the area’s diverse culture is recognised and highlighted as part of the ongoing arts and heritage programme.

“Irish is used as part of the multi-lingual welcome signage which is already in place at the station and we continue to engage with all interested parties with regards to signage at Belfast Grand Central Station”.

Close
Close