Dul chun cinn na mban sa pholaitíocht?

Dul chun cinn na mban sa pholaitíocht?

Tá ról na mban sa pholaíocht thuaidh agus theas faoi chaibidil againn ar an bhosca inniu.

Mná is ea 16% dóibh siúd atá i nDáil Éireann, an céatadán is mó ó bunaíodh an Saorstát in 1922. Tá an figiúr píosa níos sláintiúla sa Tionól i mBéal Feirste ag 19.4%, ach aithnítear líon na mban sa Tionól ar an méid is ísle i measc institiúidí polaitiúla na Ríochta Aontaithe.

Le teacht an Olltoghcháin, is mná a bheas i 30% ar a laghad d’iarrathóirí na bpáirtíthe polaitiúla mar gheall ar reachtaíocht nua insnce. An ionann seo agus réiteach na faidhbe?

Labhair muid le Siún Ní Dhúinn agus le Méabh Nic Alastair faoina léamh ar dhúshlán na mban sna hinstitiúidí polaitiúla thuaidh agus theas…

Mná sa Pholaitíocht
Close
Close