Dónall Ó Cnáimhsí - Oifigeach Pleanála Teanga don Iarthuaisceart

Ceapadh Dónall Ó Cnáimhsí mar Oifigeach Pleanála Teanga do Limistéar an Iarthuaiscirt an mhí seo caite.

Beidh sé freagrach do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus é ag cur i bhfeidhm phlean teanga an cheantair agus ag obair thar ceann Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.

Tá plean teanga le cur i bhfeidhm in 26 limistéar pleanála teanga i nGaeltachtaí na tíre faoin chóras pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. Is é Dónall Ó Cnáimhsí an dara hoifigeach pleanála teanga ceaptha go dtí seo.

Bhuail Meon Eile le Dónall chun labhairt leis faoin phost úr agus faoi haidhmeanna atá aige le plean teanga na háite a chur i gcrích.

Close
Close