Bhí teannas san aer i dTigh Mhadáin i lár Bhéal Feirste inné agus scaifte breá bailithe le chéile lena fháil amach ar éirigh leis an scannán ‘Kneecap’ áit a bhaint amach ar ghearrliosta deiridh na nGradam Oscar.
Ar an drochuair, níor ainmníodh an scannán ar deireadh ach níor mhaolaigh sin spiorad an lae.
Is ar shaol agus ar thús an ghrúpa rapcheoil Kneecap atá an scannán bunaithe, agus bhí sé san iomaíocht in dhá chatagóirí: ‘An Scannán Idirnáistiúnta Is Fearr’ agus ‘An tAmhrán Bunaidh Is Fearr’.
Cé nár éirigh le Kneecap ainmniúchán Oscar a fháil, tá an scannán ainmnithe do 17 ngradam IFTA (Irish Film & Television Academy) agus 6 ghradam BAFTA (British Academy of Film and Television Arts), atá le bronnadh i mí Feabhra.
Bhí Meon Eile i láthair i dTigh Mhadáin agus labhair muid le cuid de na daoine a chuidigh leis an scannán clúiteach a chur os comhair an domhain. Ghlac Kneecap féin páirt san ócáid thar fhísghlaoch agus iad i Londain.
Labhair muid le Proinsias Ní Ghráinne agus le Máire Bhreathnach, Léiritheoirí Feidhmiúcháin an scannán, a d’inis dúinn faoin díomá a mhothaigh siad ar dtús ach, níos mó ná sin, an bród as an éacht atá déanta ag an saothar go dtí seo.
Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, go bhfuil sé mar sprioc lárnach don Chiste an Ghaeilge, agus Gaeilge Uladh go háirithe, a spreagadh agus a léiriú go domhanda. Dar léi gur scannán ceannródaíoch ‘Kneecap’ i leith na cúise sin.
I measc na ndaoine a bhí i láthair ar an lá bhí Ainle Ó Cairealláin, deartháir le Móglaí Bap ón ghrúpa ceoil. Labhair sé linn faoin bhród atá air as a dheartháir agus as an bhanna uilig.