Deireadh Tagtha le Comhairliúchán Poiblí Translink ar Chomharthaí Dátheangacha i nDoire

Bhí go dtí an Aoine seo chuaigh thart ag an phobal a gcuid tuairimí a chur in iúl do Translink maidir le comharthaíocht dhátheangach ar bhusanna Ulsterbus atá i mbun seirbhíse ar bhusbhealach an tSléibhe Mhóir i nDoire.

Más tóradh dearfach a bheas ar an chomhairliúchán poiblí tá Transklink ag iarraidh an scéim a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach.

Is é sin go mbeidh scáileáin cheann scríbe dhátheangacha ar sheirbhísí an tSléibhe Mhóir, an FY12, ach ansin go dtiocfadh é a leathnú amach go busbhealaí eile sa chathair.

Deir Translink go ndéanfaidh na comharthaí dátheangacha seo ceiliúradh ar oidhreacht na logainmneacha traidisiúnta i gcathair Dhoire agus gur tionscnamh meallta a bheas ann do thurasóirí.

Ní hé seo an chéad uair do Translink a leithéid a dhéanamh. Ceadaíodh úsáid comharthaí dátheangacha ar bhusanna in iarthar Bhéal Feirste cheana féin.

Beidh le feiceáil anois cad iad torthaí an chomhairliúcháin i nDoire.

I ráiteas ó Translink deir siad;

"A period of public consultation on bi-lingual displays on Derry~Londonderry City Services closed on Friday, 26th May.

We will be analysing and reviewing the results of the submissions over the coming period."

Labhair Meon Eile le daoine i nDoire agus le Bainisteoir Áitiúil Translink do Bhéal Feirste, fear a bhfuil taithí air an tseirbhís dhátheangach a chur ar fáil in iarthar Bhéal Feirste.

Close
Close