Deacrachtaí ag eagraíochtaí Gaeilge daoine a bhfuil “ardscileanna teanga acu” a fháil le folúntais a líonadh

In alt a foilsíodh ar Tuairisc.ie Dé Máirt, dúirt Éamonn Ó Dónaill, stiúrthóir Gaelchultúr, go bhfuil go leor daoine oilte i saol na Gaeilge ag imeacht thar lear, rud a fhágann go mbíonn deacrachtaí móra ag eagraíochtaí Gaeilge anseo in Éirinn daoine a bhfuil “ardscileanna teanga acu” a fháil le folúntais a líonadh.

Tá feachtas earcaíochta ar siúl ag institiúidí an Aontas Eorapaigh faoi láthair agus 72 post d’aistritheoirí Gaeilge fógartha acu.

Anuas air sin, tá deiseanna ag teacht chun cinn sa státseirbhís ó dheas do dhaoine le Gaeilge, agus é mar aidhm ag rialtas na hÉireann go mbeidh Gaeilge ag 20% dá chuid fostaithe amach anseo.

Ag labhairt le Tuairisc, dúirt Ó Dónaill:

“go gcaithfear iarracht a dhéanamh cur ar a súile do dhaoine óga go bhfuil deiseanna iontacha ar fáil dóibhsean a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu agus eolas a thabhairt dóibh maidir leis na cúrsaí tríú leibhéal a chuideoidh leo an caighdeán sin a bhaint amach.”

Labhair muid féin le hÉamonn Ó Dónaill inné i mBaile Átha Cliath, chomh maith le Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, agus Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, lena dtuairimí a fháil ar an scéal...

Close
Close