Damhsóirí Riverdance ag cruinniú airgid ar mhaithe le Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann

Cé go raibh lá fliuch ann inné i mBaile Átha Cliath níor chuir sé isteach ar spiorad na ndamhsóirí Gaelacha a bhí i mbun dance-athon 12 uair an chloig taobh amuigh d'Amharclann an Gaeity agus iad ag cruinniú airgid ar mhaithe le Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann.

Gach bliain eagraíonn damhsóirí iomráiteacha Riverdance ‘dance-athon’ le hairgead a chruinniú do charthantacht agus i mbliana bhí siad ag damhsa ar mhaithe le Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann.

I gcuideachta dhamhsóirí Riverdance bhí 500 damhsóir Gaelacha as 20 scoil éagsúla ó gach cearn den tír.

Chomh leis seo bhí daoine mór le rá ar nós Al Porter, Blathnáid Treacy (RTÉ) agus Anna Geary as an chlár ‘Ireland’s Fittest Family’ i láthair lena dtacaíocht a léiriú.

Bhí moladh ard ag dul d'fhoireann Riverdance agus na damhsóirí ar fad a d’eagraigh an ócáid agus a thug tacaíocht agus spreagadh do gach scoil rince a ghlac páirt le linn an lae.

Bhí foireann Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann i láthair agus thug neart daoine a n-am saor in aisce le cuidiú leis an ócáid.

Go dtí seo tá breis agus €25,000 cruinnithe ag na scoileanna rince iad féin gan trácht ar an méid a bhailigh siad inné.

Mar chuid den ócáid d’iarr siad ar dhaoine iarracht análú tríd sop ar feadh 40 soicind... mar seo atá sé achan lá do dhaoine a bhfuil Fiobróis Chisteach orthu.


Tá Éire ar an tír is mó ar domhan a bhfuil Fiobróis Chisteach inti, agus tá breis agus 1200 duine ar fud na tír buailte leis an tinneas.

Fear a bhfuil taithí phearsanta aige ag plé le Fiobróis Chisteach ná Caoimhín Ó Luing. Tá Caoimhín pósta le beirt clainne agus tá an riocht ar a bheirt íníon.


Tá go leor cainte faoi Fhiobróis Chisteach le bliain anuas mar gheall ar an chonspóid a bhain leis an druga Orkambi.

Bhí Cumann Fiobróise Cistí ag tróid go mbeadh an druga Orkambi ar fáil d'othair anseo in Éirinn.

Ag an am bhí an rialtas ag rá go raibh costas ró-ard ar an druga (€159,000 an duine) ach ó shin tháinig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an comhlacht cogasíochta Vertex ar réiteach, agus tá an drúga anois ar fáil do mhuintir na hÉireann.

Tá an druga Orkambi oiriúnach de 600 daoine anseo in Éirinn. Cé nach leigheas iomlán atá ann, cuireann sé bac ar dhul chun cinn an tinneas.

Níl an druga oiriúnach don bheirt iníon atá ag Caoimhín áfach, ach tá sé dóchasach go mbeidh scéal dearfach ann le druga nua a bhfuil triail chliniciúil á déanamh air faoi láthair agus é ag súil go mbeidh sé ar fáil anseo in Éirinn ar an bhliain seo chugainn.

Close
Close