Dúshlán roimh bhus SOS Bhéal Feirste

Katie McGreal

Deir an rialtas go bhfuil an cúlú eacnamaíochta thart agus go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí.

Níl gach duine ag mothú an fheabhais seo áfach, carthanais ach go háirithe.

Don chuid is mó, braitheann eagraíochtaí carthanachta ar dheontais ón rialtas, ó chomhlachtaí agus ón bpobal.

Le roinnt blianta anuas, tháinig athrú ar fhoinsí airgid an charthanais i mBéal Feirste, SOS NI.

Seacht mbliana ó shin, thug Joe Hyland faoi dheara go raibh an-chuid daoine ar shráideanna Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine agus iad ólta nó faoi thionchar drugaí.

Bhí cabhair ag teastáil uathu ach ní raibh sé ar fáil go minic.

Cuireann SOS NI an tseirbhís sin ar fáil do dhaoine.

Bíonn siad ag Cearnóg Shaftsbury i lár na cathrach agus ag an Odessey Arena ó 10in go 3rn ar an Aoine agus an Satharn.

Cuireann siad seirbhís leighis agus tacaíochta ar fáil d’éinne atá á hiarraidh.

Le tús a chur leis an bhus, fuair Joe maoiniú ón stát.

Leis an £400,000 a fuair sé, bhí sé in ann cuid den trealamh leighis a aimsiú, mar aon le dhá bhus ollmhóra agus dhá mhionbhus freisin.

Tá trealamh cuimsitheach leighis agus foireann leighis ar an dá phríomhbhus, chomh maith leis na foirne deonacha a labhraíonn le daoine atá ag iarraidh comhluadair nó tacaíocht mhothúchánach.

Fuair an togra £50,000 ón stát in aghaidh na bliana ó shin, ach tháinig deireadh leis sin anuraidh.

“D’athraigh na háiteanna óna bhfuilimid ag fáil airgid go hiomlán ó thosamar,” a deir Joe.

“Le roinnt blianta anuas, bhí orm na háiteanna agus na bealaí maoinithe a athrú go sciobtha.”

Sa chéad 18 mí den eagraíocht, chuir Seirbhís Otharchairr Thuaisceart na hÉireann foireann leighis ar fáil saor in aisce don dá bhus mhóra.

I ndiaidh na tréimhse sin, bhí daoine ag cailliúint a bpost san earnáil sin agus ní raibh an t-airgead acu leanúint ar aghaidh ag cur daoine ar fáil do SOS NI saor in aisce.

Tá an fhoireann leighis sin go fóill ar na busanna gach deireadh seachtaine agus ag gach mórimeacht a bhíonn ar siúl sa chathair.

Cosnaíonn an fhoireann sin thart ar £22,000 in aghaidh na bliana ar an eagraíocht.

Cosnaíonn na seirbhísí ar fad a cuireann SOS NI ar fáil £280,000 in aghaidh na bliana.

Faigheann siad a gcuid airgid ó thrí áit éagsúla anois.

Bailíonn siad thart ar £60,000 ón bpobal trí ghníomhaíochtaí tiomsaithe airgid a eagraíonn na hoibrithe deonacha, faigheann siad roinnt airgid ó chistí áirithe agus bailíonn Joe airgead ó chomhlachtaí agus daoine aonair tríd an líonra a d’fhorbair sé le tamall anuas.

“Faighimid an chuid is mó den airgead ó áiteanna príobháideacha anois,” a deir Joe.

“Comhlachtaí, daoine aonaracha. Bhí orainn bogadh ó eagraíochtaí stáit.”

Ní fheiceann Joe aon athrú ag teacht go luath.

“Éireoidh rudaí níos measa san earnáil phoiblí sna blianta amach romhainn.

“Tá athruithe in obair na bpóilíní cheana féin. Níl na hacmhainní acu a thuilleadh freastal ar gach eachtra a tharlóidh.

“Caillfidh daoine muinín iontu agus éireoidh rudaí níos measa ar na sráideanna.”

Close
Close