Streachailt leanúnach na dteifeach á plé san ionad Redeemer Central

D’eagraigh PPR (Participation and the Practice of Rights) cruinniú san ionad Redeemer Central i mBéal Feirste ar na mallaibh inar pléadh cás na dteifeach sa chathair agus sa tuaisceart trí chéile.

Bhí deis ag na teifigh labhairt go hoscailte faoina dtaithí féin sa chóras iarrthóirí tearmainn agus faoin streachailt leanúnach a bhíonn rompu ó tháinig siad chuig an tír. Bhí crógacht na dteifeach le feiceáil ar an lá agus iad ag déanamh cur síos ar an taithí thrámach a bhí acu go dtí seo.

Cuireadh i gcuimhne do gach duine a bhí i láthair go bhfuil an tír seo níos láidre, níos saibhre agus níos cineálta a bhuí le buanna, scileanna agus misneach na dteifeach. Bhí saothair ealaíne ghalánta le feiceáil, déanta ag an ealaíontóir Omaima agus bhí bia blasta Ramadan ullmhaithe ag an chócaire Mohammed agus a chairde, uilig saor in aisce. Níl cead ag teifigh obair sa tír seo agus is mór an trua é. Tá neart scileanna agus buanna á gcur amú dá bharr.

Tugadh deis do dhaoine labhairt agus bhí roinnt plé ann ar na féidéarthachtaí atá ann le cearta na dteifeach a chur i bhfeidhm agus a sábháilteacht agus caighdeán saoil a fheabhsú. Bhí roinnt ionadaithe ann as eagraíochtaí amhail Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, an tÚdarás Oideachais agus an tOifig Feidhmiúcháin. Ar a bharr sin bhí ionadaithe ó phairtitihe polaitíochta amhail An Páirtí Glas agus Sinn Féin.

Labhair Meon Eile le roinnt daoine a bhí ann ar an lá, mar a bhí Seán Mac Bradaigh as PPR, Deirdre Mc Aliskey as STEP (South Tyrone Empowerment Programme) agus Children’s Law Centre agus le hEoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadal Pobail, Glór na Móna. Labhair muid fosta le Bean an Tí, Twasul Mohammed as PPR, a bhfuil taithí nach beag aici ar streachailt na teifeach ó tháinig sí anseo sé bliana ó shin.

Close
Close