Corpas Stairiúil na Gaeilge

Ar na mallaibh sheol Acadamh Ríoga na hÉireann tionscadal ceannródaíoch digiteach inar cuireadh thart ar 3,000 téacs Gaeilge ó 1600 go 1926 ar fáil go poiblí.

Is corpas mór litríochta agus filíochta ó fhoinsí clóite agus lámhscribhinní é agus is féidir cuardach a dhéanamh ar cheannfhocal agus torthaí a fháil dá réir; mar shampla má chuardaíonn tú an focal bád gheobhaidh tú torthaí ar nós bhád, bádaibh, mbáid, báduighe, báidín, droch-bhád agus an iomad eile samplaí den fhocal leis an aon chuardach amháin.

Fuair Meon Eile deis bualadh leis an Dr. Charlie Dillon as Tír Eoghain, a stiúir foireann an chorpais, lena thuilleadh a fháil amach faoin áis iontach seo.

Tá an corpas le fáil ar corpas.ria.ie.

Close
Close