Comóradh 50 Bliain ar Dhomhnach na Fola

An deireadh seachtaine seo caite rinne muintir Dhoire agus an domhain comóradh ar an triúr déag a maraíodh ar Dhomhnach na Fola 50 bliain ó shin.

Labhair Meon Eile le Liam Ó Faoláin agus leis an Easpag Dónall Mac Eoin faoi na cuimhní cinn atá acu ón lá agus faoin tábhacht a bhaineann leis an lá a chuimhniú 50 bliain ar aghaidh.

Ar an 30 Eanáir 1972 thug muintir an Chreagáin agus Thaobh an Bhogaidh faoi shiúilóid ar mhaithe le cearta sibhialta ach chríochnaigh an léiriú seo go tragóideach nuair a scaoil arm na Breataine triúr déag marbh.

Bhí siúlóid chuimhneacháin ann i nDoire maidin Dé Domhnaigh a ghlac an bealach céanna a siúladh in 1972. Labhair an tEaspag Mac Eoin faoin dóigh ar athraigh stair na tíre ón lá sin ar aghaidh agus luaigh Liam Ó Faoláin gur chuid dá shaol é an eachtra seo nach ndéanfaidh muintir na cathrach dearmad uirthi go deo.




Close
Close