Comhráite an Iar-Chéad Aire Arlene Foster leis na Gaeil

Bhí athrú poirt ag iar-Chéad Aire an Tuaiscirt Arlene Foster de chuid an DUP cúpla seachtain ó shin nuair a d’fhógair sí go mbeadh suim aici bualadh le cainteoirí Gaeilge.

Dúirt Arlene Foster gur mhian léi am a chaitheamh i gcuideachta daoine le Gaeilge chun tuigbheáil níos fearr a fháil ar an teanga agus ar an chultúr.

Sheol roinnt grúpaí agus dreamanna éagsúla bainteach leis an Ghaeilge cuireadh chuici agus b’iad muintir Scoil na Maighdine Muire ar an Iúr an chéad dream a chas léi.

Scoil lán-ghirseachaí í le rannóg láidir Ghaeilge acu.

Chuir na daltaí fáilte roimh Arlene Foster le léiriú de cheol agus dráma darb ainm 'Lios na Sí'. Bhí idir iar-scoláirí agus scoláirí reatha i láthair.

Dúirt Foster féin gur thug an chuairt ardú croí di.

Chuaigh Meon Eile a fhad le Scoil na Maighdine Muire chun labhairt le foireann na scoile faoin chuairt stairiúil.


Bhí deis ag grúpaí Gaeilge eile casadh leis an iar-Chéad Aire i gCnoc an Anfa le gairid fosta.

Labhair Meon Eile le Janet Muller ó POBAL agus le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge faoin phlé a bhí acu le hArlene Foster maidir le hAcht Gaeilge.


Close
Close