Comhrá na gCoimisinéirí

D'eagraigh Conradh na Gaeilge an ócáid 'Comhrá na gCoimsinéirí' ag Cnoc an Anfa ar na mallaibh chun deis a thabhairt do Ghaeil an tuaiscirt plé oscailte a bheith acu faoi ról an Choimisinéara Teanga nua atá le ceapadh ó thuaidh.

Bhí aíonna speisialta i láthair le cur síos a dhéanamh ar thaithí s'acu féin ar reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm. Chuala siad siúd a bhí i láthair ó Meri Huws, Iar-Choimisinéir Teanga na Breataine Bige, Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga ó dheas agus Fernand De Varennes, Rapóirtéir Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe. 

Thug an triúr caint spreagúil faoi chúrsaí teanga agus faoin tábhacht a bhaineann le reachtaíocht láidir ó thaobh cearta teanga de. Thug siad comhairle don lucht éisteachta fosta maidir leis na féidirtheachtaí atá againn ó thuaidh chun na céimeanna seo a bhaint amach. 

Labhair Meon Eile le haíonna na hócáide chomh maith le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Close
Close