D’eagraigh Fóram na nGael léirsiú ag Halla na Cathrach Dé hAoine seo caite inar cuireadh comhartha ollmhór 'BÉAL FEIRSTE’ in airde os comhair an tsaoil mhóir.
Fóram ionadaíoch daonlathach do ghrúpaí Gaeilge i mBéal Feirste atá i bhFóram na nGael agus ba fhreagra é an beart a rinne siad ar an chomhartha aonteangach 'BELFAST’ a bhí le feiceáil ar thailte Halla na Cathrach le 6 mhí anuas.
Baineadh an comhartha Béarla ar na mallaibh le spás a dhéanamh do Mhargadh na Nollag taobh amuigh den Halla agus thapaigh na Gaeil an deis a dteachtaireacht a chur in iúl go soiléir. Mheall an gníomh go leor airde ar an láthair féin agus ar líne chomh maith.
Tá polasaí láidir Gaeilge á éileamh ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus tá comhairliúchán poiblí ar siúl ina leith sin i láthair na huaire.
D'fhoilsigh an Chomhairle Cathrach dréacht-pholasaí Gaeilge an 22 Lúnasa agus tá siad ag glacadh le freagraí air sin go dtí 12pm an 28 Samhain 2024. Is féidir do thuairim a léiriú anseo, beag beann ar an chumas Gaeilge atá agat.