Cearta mionteangacha le cosaint i bPrótacal úr Eorpach

Tá grúpa cearta teanga i dTír na mBascach ag cur tús le prótacal idirnáisiúnta pobalbhunaithe, a dhéanfaidh cearta mhionteangacha na hEorpa a chosaint, an Ghaeilge ina measc

Rinne Paul Bilbao ón eagras Konseilua, cathaoirleacht ar ócáid chomhairliúcháin i gCultúrlann Mc Adam Ó Fiach, áit ar lorgaíodh ionchur ó ghrúpaí Gaeilge sna Sé Chontae.

Tháinig breis agus 30 ionadaí ó ghúpaí teanga le chéile i gcomhar le Conradh an Gaeilge lena dtuairimí a léiriú.

“Is bunchearta iad cearta teanga. Tá muid mar chuid de phobal mionteangacha san Eoraip a bhfuil 40 milliún cainteoir ann,” a dúirt Bilbao le linn an tseisiúin.

Leanfaidh an próiseas comhairliúcháin i measc phobail mhionteangacha na hEorpa agus é d’aidhm ag an Phrótacal úr tógáil ar uirlisí cosanta atá ann cheana, ach amháin go mbeidh ábhar an phrótacail ag teacht ó chainteoirí laethúla na dteangacha mionlaithe.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge go dtiocfadh leis an Phrótacal a bheith mar uirlis láidir ag pobal Gaeilge na Sé Chontae.

“Neartaíonn coincheap an Phrótacail an abhcóideacht a bhaineann le cearta teanga ar fud na hEorpa. Ó thuaidh, ligeadh pobal na Gaeilge síos arís agus arís eile ar an cheist seo,” arsa Mac Giolla Bhéin.

Glacfar le haighneachtaí don Phrótacal úr go dtí deireadh mhí an Mheithimh. Seolfar an prótacal in Donostia, Tír na mBascach, i mí an Nollag.

Seo léargas ar an phlé, an scagadh agus an anailís a rinneadh faoin Phrótacal úr sa Chultúrlann…

Prótacal úr do theangacha mionlaithe na hEorpa
Close
Close