Bua ag Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt

Bhí Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu agus breithiúnas á thabhairt ag an Bhreitheamh Maguire san athbhreithniú breithiúnach mar gheall ar theip an Fheidhmeannais, dar le Conradh na Gaeilge, straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Ar maidin, chinn an Breitheamh Maguire gur theip ar an Fheidhmeannas cloí lena dhualgas reachtúil agus glacadh le straitéis don Ghaeilge.

Faoi Chomhaontú Chill Rìmhinn sa bhliain 2006 dúradh go mbeadh ar an Fheidhmeannas glacadh le straitéis don Ghaeilge.

Deir Alt 28 D de Chomhaontú Chill Rìmhinn:

“Strategies relating to Irish language and Ulster Scots language etc

(1) The Executive Committee shall adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and protect the development of the Irish language.

(2) The Executive Committee shall adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and develop the Ulster Scots language, heritage and culture.

(3) The Executive Committee-

(a) must keep under review each of the strategies; and

(b) may from time to time adopt a new strategy or revise a strategy.’’

Sa bhliain 2015 d’fhoilsigh Carál Ní Chuilín, an tIar-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta straitéis 20 bliain don Ghaeilge i ndiaidh próisis chomhairliúcháin phoiblí a chur ar bun agus i ndiaidh di í a chur faoi bhráid airí eile.

Níor ghlac an Feidhmeannas leis an straitéis sin agus níor cuireadh straitéis don Ghaeilge ar Chlár Rialtais na bliana seo chuaigh thart.

Dúirt an Breitheamh Maguire go raibh 10 mbliana imithe ó cuireadh Alt 28D i bhfeidhm i gComhaontú Chill Rìmhinn. Dúirt sé nach réasúnta an tréimhse ama sin gan straitéis don Ghaeilge a bheith glactha go fóill ag an Fheidhmeannas.

Dúirt sé go bhfuil dualgas ann faoi Alt 28D glacadh le straitéis don Ghaeilge agus ní hamháin díospóireacht a bheith faoin straitéis. Dúirt sé gur ar an fhocal ‘glacadh’ a bhí an Pharlaimint ag cur béime.

Dúirt an Breitheamh Maguire gur freagracht an Fheidhmeannais é cibé bearta cuí a dhéanamh chun cloí leis an dlí.

Dúirt sé go raibh fios maith ag an Pharlaimint go mbeadh deacrachtaí polaitíochta ag baint leis an Fheidhmeannas straitéis a aontú agus a ghlacadh ach gur dualgas reachtúil chun straitéis a ghlacadh a bhí curtha i bhfeidhm acu i gComhaontú Chill Rìmhinn.

Cuspóir Alt 28D ná glacadh le straitéis don Ghaeilge a dúirt an Breitheamh Maguire agus é ag míniú na fáthanna leis an bhreithiúnas i bhfabhar chás Chonradh na Gaeilge.

Close
Close