Breis agus 12,000 a ghlac páirt i mórshiúl i gcathair Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge a léiriú, reachtaíocht a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta beagnach 20 bliain ó shin agus a gealladh arís i gComhaontú Chill Rímhinn 10 mbliana ó shin.
Eagraíodh an mórshiúl mar chuid de shraith agóidí ag an Dream Dearg a bunaíodh sa bhliain 2014 chun cur in aghaidh na n-ionsaithe leanúnacha a bhí á ndéanamh ar an Ghaeilge ó thuaidh.
Chruinnigh an slua, idir óg agus liath, ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste agus shiúil siad ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, glórtha móra agus dearg le fearg.
Ag Halla na Cathracht bhí óráidí agus siamsaíocht, i measc na gcainteoirí bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin, Ruairí Ó Mianáin, Caitlín Ní Chathail, Katy Rose Meade agus Colm Mac Giolla Easpaig.
Bhí Tomaí Ó Conghaile agus Caoimhe Ní Chathaill mar fhear agus bean an tí.
Bhí Meon Eile i láthair ag an mórshiúl dheireanach sa bhliain 2014 agus bhí muid ann arís ag an deireadh seachtaine.
Seo chugaibh buaicphointí an lae agus tuairimíocht uathu siúd a shiúil na sráideanna…