Bliain na Gaeilge - Spléachadh ar an méid atá romhainn

Agus tús curtha leis an bhliain nua, tá Bliain na Gaeilge anois faoi lán seoil.

Is ceiliúradh é seo ar 120 bliain d’Athbheochan na Gaeilge ar fud na cruinne ach bunú Chonradh na Gaeilge ach go háirithe.

Is féile bhliana ar son na teanga í ina mbeidh imeachtaí éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta.

Is é Conradh na Gaeilge atá taobh thiar den choincheap. Labhair muid le hArd Rúnaí an Chonartha Julian de Spáinn faoina spriocanna, faoina bpleananna, faoi chúrsaí maoinithe agus faoin tslí a ndéanfar an ceiliúradh a nascadh le Tionól na hÉireann 2013.

Bliain na Gaeilge / Shane Ó Curraighín
Close
Close