Bigil ar son Brianna Ghey

Bhailligh na céadta daoine le chéile i lár Bhéal Feirste ar na mallaibh le bigil faoi sholas coinnle a bheith acu in ómós do Brianna Ghey. Ag an am céanna, bhí na sluaite ag teacht le chéile ag Halla na Cathrach i nDoire agus ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.

Cailín óg transinscneach a bhí in Brianna Ghey, a maríodh i Sasana an 11 Feabhra 2023 agus gan í ach 16 bliana d’aois. Cé nach síleann na péas ag an am seo gur coir fuatha a bhí ann, mothaíonn an pobal LADTA+ go bhfuil foréigean transfóbach ag dul i méid i láthair na huaire.

Labhair Meon Eile le Pól Ó Donnchú a bhí i láthair ar an bhigil agus le Leo Lardie ón Rainbow Project faoi thábhacht na n-agóidí seo agus an pobal mór ag léiriú tacaíocht do dhaoine LADTA+ i ndiaidh bhás tragóideach Brianna Ghey.

Close
Close