Bairbre Uí Chathail ceaptha mar Chomhordaitheoir Pleanála Teanga do Leitir Ceanainn

Tá Bairbre Uí Chathail ceaptha mar Chomhordaitheoir Pleanála Teanga do Leitir Ceanainn, atá ina Baile Seirbhíse Gaeltachta.

Tá an-taithí ag Bairbre ar obair forbartha pobail agus ina ról mar áisitheoir tá obair déanta aici le grúpaí éagsúla fud fad an chontae agus na tíre.

Is de bhunadh an tSratha Báin dithe agus tá aithne mhaith aici ar mhuintir Leitir Ceanainn i ndiaidh di bheith ina cónaí agus clann a thógáil ann le sé bliana is fiche anuas. Tá Bairbre ina Cathaoirleach ar Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Adhamhnáin agus feidhmíonn sí mar Oifigeach Gaeilge agus Cultúir le Gaeil Leitir Ceanainn.

Beidh Bairbre ag obair ar phlean seacht mbliana arb é is príomhaidhm dó úsáid na Gaeilge a spreagadh i gcúrsaí oideachais, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta ar an bhaile, agus freastal ar riachtanais mhuintir cheantar Leitir Ceanainn agus ar mhuintir na Gaeltachta.

Is iad aidhmeanna an phlean ná feiceálacht na Gaeilge sa bhaile a ardú, deiseanna sóisialta agus cultúrtha trí Ghaeilge a chur ar fáil do gach aoisghrúpa agus cur le líon na ndeiseanna foghlama Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais do gach aoisghrúpa. Ina theannta sin tá aidhmeanna ann chun gnólachtaí, eagraíochtaí agus soláthróirí seirbhísí sa bhaile a spreagadh le tuilleadh Gaeilge a úsáid.

Labhair Meon Eile le Bairbre ar na mallaibh faoina ról úr agus faoi na spriocanna agus na dushláin is mó atá amach rompi ina post úr.

Close
Close