Bagairt fíneála ar bhean 85 bliana d'aois as comhartha Gaeilge a chur in airde

Tá Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach ag bagairt fíneáil £2,500 a ghearradh ar bhean i mBaile Raghnaill as comhartha Gaeilge a bheith crochta ar sconsa a tí.

Fuair an bhean, atá 85 bliana d'aois, litir sa phost ón Chomhairle an tseachtain seo caite a mhaígh go raibh uirthi an comhartha a bhaint aníos taobh istigh de sheachtain ón am a seachadadh an litir.

Luadh an líne “the display of an unauthorised advertisement is an offence” sa litir agus go ngearrfaí uas-fíneáil £2500 uirthi mura mbainfeadh sí aníos an comhartha, agus £250 sa mhullach air sin achan lá a bheadh an fógra go fóill in airde.

Ba í a gariníon Medb Ní Dhuláin a chuir an comhartha in airde.

I ráiteas a thug Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach do Meon Eile dúradh “If a breach is identified it is the Council’s normal practice to write to those who have erected the signage and advise that a breach has occurred and that steps will need to be taken to remedy the matter. Remedies can include the granting of retrospective consent or the removal of the signage.”

Dúirt siad fosta “The case in question is not an equality issue as it specifically involves planning considerations. The case remains under consideration and therefore it is not appropriate to comment any further on the matter at this time.”

Labhair Meon Eile le Medb Ní Dhuláin féin, Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge agus Daniel Holder ón CAJ faoin chás.

Ráiteas iomlán ó Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach thíos.

 

Close
Close