Bád farantóireachta ceart de dhíth ar mhuintir Thoraí

Ghlac muintir Oileán Thoraí agus a lucht tacaíochta páirt in agóid cheolmhar taobh amuigh de gheataí Theach Laighean an lá inné.

Léirigh na hoileánaigh a míshástacht agus a n-imní faoin bhád ‘Queen of Aran’, atá le tosnú i mbun seirbhíse farantóireachta go dtí an t-oileán an 1 Aibreán.

Cuireadh in iúl go hiontach soiléir arís inné don Roinn agus don Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, nach bhfuil siad sásta le caighdeán an bháid atá le húsáid.

Is in 1976 a tógadh an 'Queen of Aran', agus tá muintir an oiléain den tuairim go bhfuil an long “róshean” agus nach bhfuil sí “sábháilte” le dhul chun na farraige go Toraigh.

Dúirt muintir an oiléain nach rud ar bith pearsanta a bhí acu in éadan an chomhlachta, Réalt na Maidne, ach go bhfuil sé i gceist acu bac a chur ar ché an oileáin an 1 Aibreán má dhéanann an ‘Queen of Aran’ iarracht theacht le cé. 

Níos measa arís, tá sé ráite ag roinnt de mhuintir Thoraí nach mbeidh rogha ar bith eile acu ach an t-oileán a fhágáil mura mbeidh seirbhís farantóireachta atá sásúil agus sabháilte curtha ar fáil do bhunadh an oileáin.

Close
Close