Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCathair na dTreabh

In Óstán Chuan na Gaillimhe a bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana.

Athbheochan na Gaeilge mar thosaíocht d’Éirinn a bhí mar théama na hArd-Fheise agus b’shin a spreag plé na bpolaiteoirí oíche Aoine.

Bhí an tAire Stáit Seán Kyne, Aindrias Ó Muineacháin TD, an Seanadóir Niall Ó Donnghaile agus Catherine Connolly TD uilig i láthair chun ceisteanna na gcraobhacha a fhreagairt.

Rinneadh plé ar an Ghaeloideachas, ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ar pholasaithe iontrála na scoileanna i measc rudaí eile.

Toghadh fear de bhunadh Iúr Cinn Trá, Niall Comer, mar Uachtarán ar an Chonradh thar an deireadh seachtaine.

Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh é Niall Comer agus é mar Thánaiste Chonradh na Gaeilge le trí bliana anuas agus ina Uachtarán ar Chomhaltas Uladh roimhe sin.

Thosaigh an obair chrua maidin Shathairn agus dhá scór rún le plé ag craobhacha an Chonartha.

Cuireadh cás na Gaeilge ó thuaidh chun cinn go mór agus aontaíodh ar achan rún a bhain le hAcht na Gaeilge agus leis an Dream Dearg.

Níor glacadh le rún Chóilín Uí Chearbhaill go n-aithneofaí ról Uachtarán Chonradh na Gaeilge mar ról lánaimseartha.

Bhailigh na sluaite ansin trathnóna Shathairn ar Shráid na Siopaí do sheoladh Sheachtain na Gaeilge. Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge an Chéadaoin bheag seo agus clár iomlán na n-imeachtaí le fáil ar www.snag.ie

Close
Close