Bhí ceiliúradh mór ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste Aoine an Chéasta le hoscailt Áras Uí Chonghaile a chomóradh.
Ionad cuairteoirí é an tÁras atá ainmnithe i ndiaidh duine de na daoine is cáiliúla ó ghluaiseacht neamhspleáchais agus shóisialach na hÉireann.
San ionad féin, tá iarsmalann ina bhfuil ábhar faoi shaol agus obair an Chonghailigh, leabharlann le leabhair faoin ghníomhaí agus a scríobh sé féin, mar aon le caifé agus go leor spáis le do scíth a ligean.
Shiúil daoine ó Mhuileann Mhic Con Midhe go dtí an tÁras nua agus ba é Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, a d'oscail go hoifigiúil é. Bhí an t-amhránaí Frances Black, polaiteoirí agus ionadaithe pobail ina measc sin a bhí ag an ócáid chomh maith.
Bhí Meon Eile i lathair agus labhair muid le Katy Rose Mead a ghlac páirt sa mórshiúl, an gníomhaí agus bainisteoir Raidió Fáilte Fergus Ó hÍr agus bainisteoir an árais nua, Séanna Walsh.
Le níos mó eolais a fháil, nó le ticéad a chur in áirithe, tabhair cuairt ar an suíomh: https://arasuichonghaile.com