An Simon Community ag dul i ngleic leis an mhéadú ar líon na ndaoine gan dídean

Tá an costas maireachtála ag dul i bhfeidhm ar shaol cuid mhór daoine agus níl laghdú ar an ghéarchéim thithíochta ach an oiread. Tá sé ag éirí níos deacra díon a choinneáilt os do chionn agus, mar sin, tá méadú ollmhór ar líon na ndaoine gan dídean. Tá carthanachtaí faoi bhrú ag iarraidh an tacaíocht fhóirsteanach a thabhairt do gach duine atá ag streachailt.

Ceann de na carthanachtaí sin ná an Simon Community, an príomhcharthanacht do dhaoine gan dídean ó thuaidh. Déanann an charthanacht sár-obair chun tacaíocht a thabhairt do gach duine agus áit inteacht a chur ar fáil do gach sórt grúpa, amhail páistí óga agus a dtuismitheoirí, daoine óga agus daoine fasta araon.

Tagann neart daoine óga chuig an Simon Community, i ndiaidh dóibh teacht ón chúram sláinte mar shampla. Bíonn áit ar leith ann do dhaoine óga, agus déanann an Simon Community iarracht tacaíocht iomlánaíoch a chur ar fáil dóibh agus iad ag stopadh leo, cuir i gcás lóistín sábháilte, bainistíocht airgid agus tacaíocht mheabhairshláinte.

Tá líne fóin 24/7 ag an Simon Community. Thig leo 464 duine a ghlacadh isteach gach oíche, ach ina ainneoin sin, ní leor é. Tá thart ar 35% duine atá ag baint úsáid as seirbhísí an Simon Community réidh le bogadh ar aghaidh chuig teach s’acu féin, ach níl na tithe ar fáil dóibh. Labhair Meon Eile le hÁine Robinson, Stiúrthóir Airgeadais agus Tacaíochta Gnó an Simon Community ó thuaidh, chun tuilleadh eolais a fháil.

Thig leat eolas breise a fháil nó tacaíocht a thabhairt don Simon Community anseo.

Close
Close