An Plean Fáis: Plean Infhéistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

An tseachtain seo caite sheol Conradh na Gaeilge plean nua infheistíochta i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. 

Labhair painéal polaiteoirí faoin phlean agus faoina dtacaíocht d'fhás na Gaeilge agus bhí an halla lán la baill ó eagraíochtaí Gaeilge as gach cearn den tír.

Is í aidhm an phlean breis infheistíochta a dhéanamh in earnáil na Gaeilge faoi 2029 chun fás ceart a chur faoin teanga, go háirithe i gceantair Ghaeltachta na tíre. 

Bhuail Meon Eile isteach chuig an seoladh agus labhair muid le Julian de Spáinn, Conchúr Ó Muadaigh agus Emma Ní Chearúil ó Chonradh na Gaeilge. 

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close