Deacrachtaí ag gnólachtaí beaga de bharr na géarchéime fuinnimh

Tá an ghéarchéim fuinnimh i mbéal an phobail na laethanta seo agus praghsanna arda ag dul i bhfeidhm ar an saol teaghlaigh agus ar chúrsaí gnó araon. Tá na billí fuinnimh ag méadú go gasta ar na mallaibh, agus ardú suas le trian tagtha ar phraghsanna SSE Airtricity, Electric Ireland agus Click Ireland.

Ar na grúpaí atá ag fulaingt go mór mar gheall air seo tá gnólachtaí neamhspleácha cosúil le caiféanna, bialanna, agus siopaí beaga.

Labhair Meon Eile le Seáinty Ní Chorrraidh ó Seven Coffee atá lonnaithe ag bun Bhóthar an Ghleanna in Iarthar Bhéal Feirste. Ní hamháin gurb í atá i gceannas ar an chaifé bríomhar seo, ach bíonn sí ag obair seacht lá in aghaidh na seachtaine toisc nach bhfuil siad in ann ball foirne eile a íoc i ndiaidh na mbillí.

Deir Seáinty go bhfuil sé deacair dóibh na laethanta seo ach go bhfuil sí thar a bheith buíoch den phobal áitiúil a thagann isteach chucu, na madraí san áireamh fiú!

Close
Close