An éireoidh leis an bhille um ghnéasoideachas?

Tháinig scaifte le chéile taobh amuigh de Theach Laighean an tseachtain seo caite agus iad ag impí ar an Rialtas tacaíocht a thabhairt do bhille ar son oideachas gnéis cuimsitheach a chur ar fáil i scoileanna na tíre, beag beann ar éiteas na scoile.

Faoi láthair, is faoi na scoileanna agus na múinteoirí féin atá sé cinneadh a dhéanamh faoin chineál gnéasoideachais a chuireann siad ar fáil, agus tá cuid daoine imníoch faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí ar an chinneadh sin.

Ag labhairt le roinnt de na daoine a bhí taobh amuigh de Theach Laighean, dúirt siad linn go raibh sé in am “an Eaglais a scaradh ón Stát” agus go raibh leasaithe de dhíth a chuirfeadh béim ar ‘fhéiniúlacht’ agus ar ‘chúrsaí LADTA’

Is faoin Choiste um Oideachais anois plé a dhéanamh ar na leasaithe atá molta agus cinneadh a dhéanamh ar an bhille úr.

Close
Close