An Dream Dearg, Dearg Le Fearg

Bhí conspóid mhór ag baint le cinneadh an Aire Paul Givan ón DUP roimh an Nollag deireadh a chur leis an mhaoiniú do scéim na sparántachtaí Gaeltachta do dhaoine faoi mhíbhuntaiste, Líofa.

Ciorrú de £50,000 punt ar eispéireas Gaeltachta agus oideachas 100 duine a bhí ann nach bhfaigheadh an deis a bhí ag daoine eile rompu.

Maidin na hagóide i gcoinne an chinnte, d’fhógair an tAire Givan go raibh sé ag tabhairt ar ais mhaoiniú Líofa. Ach lean an Dream Dearg leis an agóid ar mhaithe leis an éileamh do reachtaíocht agus do chearta na Gaeilge a chur os comhair an mhórphobail.

Sraith agóidí atá beartaithe ag an Dream Dearg, a bunaíodh sa bhliain 2014 chun cur in aghaidh na n-ionsaithe a bhí á ndéanamh ar an Ghaeilge ó thuaidh.

Tháinig siad le chéile arís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite mar gheall ar an fhrustrachas i measc phobal na Gaeilge faoi ionsaithe leanúnacha ar an Ghaeilge ó Airí agus ionadaithe pobail.

Acht na Gaeilge atá ón Dream Dearg, rud a chosnódh an Ghaeilge óna leithéid d'ionsaithe amach anseo, dar leo.

Chuaigh feachtas an Dream Dearg agus an íomha den fháinne bhán ar chúlra dearg go mór i bhfeidhm ar na meáin shóisialta agus na meáin trí chéile le seachtain anuas agus tugadh tacaíocht traspháirtí d’éilimh an ghrúpa.

Bhailigh slua den lucht tacaíochta sin taobh amuigh den Roinn Pobal i mBéal Feirste inné chun éilimh s’acu maidir le cothromas, cearta agus cóir don Ghaeilge a chur os comhair an phobail mhóir, agus bhí Meon Eile i láthair.

Close
Close