An chontúirt a bhaineann leis an bhréagnuacht


Tá an téarma “bréagnuacht” le cloisteáil go minic na laethanta seo. Tá rogha an-leathan foinsí nuachta ar fáil dúinn inniu - páipéir nuachtáin, teilifís, irisí, suíomhanna nuachta, agus go háirithe anois, na meáin shóisialta. Ach cé acu atá ag tabhairt na bhfíorscéalta dúinn agus cé acu nach bhfuil?

Bhuail Meon Eile leis an iriseoir, Robert McMillen, a thug tuairimí s’aige féin ar an fheiniméan comhaimseartha seo.

Labhair sé faoi na contúirtí a bhaineann leis an bhréagnuacht agus na fáthanna a mbíonn foinsí áirithe nuachta ag coinneáil na fírinne ón phobal.

Close
Close