Rinneadh comparáid idir comharthaí Gaeilge agus bratacha Aontachtacha, cáineadh polasaithe Phádraig Mhic Phiarais i leith na Gaeilge, agus dúradh go raibh Aontachtaithe ag cumadh a gcuid staire féin.
Seo blaiseadh den tuairimíocht a léiríodh le linn díospóireachta dar teideal ‘Is Irish Political?’ le linn Sheachtain Dea-Chaidrimh Bhéal Feirste.
I measc na gcainteoirí, bhí Walter Lyons, baill UUP, Jonathan Evershed, Ollscoil na Banríona agus an t-iriseoir Robert McMillen.
Seo chugaibh achoimre ar an phlé…