An Aoine Dhearg ag Stormont

D'fhreastail na céadta daoine ar 'An Aoine Dhearg', léirsiú de chuid An Dream Dearg ag Cnoc an Anfa Dé hAoine seo caite.

Bhí an slua i mbun agóide ar son Acht Gaeilge agus iad ag éileamh ar na páirtithe atá i mbun comhchainteanna faoi láthair an gheallúint a tugadh i leith na Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh.

Bhí daltaí scoile bríomhara agus ceolmhara ó Choláiste Feirste, Bunscoil Phobal Feirste, Gaelscoil Éadain Mhór, Bunscoil Bheann Mhadagáin, Gaelscoil na Daróige, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Gaelcholáiste Dhoire agus roinnt Gaelscoileanna eile i láthair.

Bhí Meon Eile ann chomh maith.

Close
Close