Is iad Róisín Seoighe, amhránaí sa ghrúpa IMLÉ, agus Conor Curley, príomhghiotáraí le Fontaines D.C., a bheas ina nAmbasadóirí le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana.
Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge agus a spreagann daoine chun í a fhoghlaim, a labhairt agus a chur chun cinn. Beidh sé ar siúl an 1-17 Márta.
Is é téama na féile i mbliana ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’ agus pléitear an nasc láidir atá ann idir an cultúr Gaelach, an Ghaeilge agus an ceol. De réir Bhainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Connlaith Ní Raifeartaigh, tá hAmbasadóirí na bliana seo lárnach sa teachtaireacht seo, leis an mheascán idir an sean-nós agus an ceol nua-aimseartha.
Is cainteoir dúchais as Conamara í Róisín Seoighe atá aitheanta mar amhránaí traidisiúnta agus mar phríomhamhránaí sa ghrúpa ceoil IMLÉ. Dúirt Róisín gur onóir é di bheith ina hAmbasadóir i mbliana agus molann sí d’achan duine an Ghaeilge a úsáid sa tsaol laethúil agus go cruthaitheach.
Is as Muineachán do Conor Curley, príomhghiotaraí an bhanna Fontaines D.C. a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu. Labhair sé le Meon Eile faoin fáth a bhfuil sé ag athcheangal leis an Ghaeilge den chéad uair ó bhí sé ar an mheánscoil agus an tábhacht a bhaineann le Seachtain na Gaeilge dó go pearsanta.
Is féidir imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i do cheantar féin a aimsiú anseo.


