Agóid ar dhroichead Duibhis in éadan cinedhíothaithe

Chruinnigh gníomhaithe le chéile ar dhroichead Duibhis ar na mallaibh chun agóid a dhéanamh in éadan cinedhíothaithe mar gheall ar an chogadh atá ag tarlú sa Phalaistín. 

Bailíonn daoine ar fud na tíre gach maidin Aoine ag a 8:00 le go mbeidh na daoine ag taisteal ar an Westlink in ann iad a fheiceáil go soiléir. I measc na ngníomhaithe a bhí ann bhí cuid mhaith grúpaí ar nós Gaels Against Genocide, Mothers against Genocide agus Giúdaigh in éadan an Chinedhíothaithe

Labhair muid le Sue Pentel, gníomhaí ó Giúdaigh in éadan an Chinedhíothaithe. Síleann Sue go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag an phobal nach ionann an Giúdachas agus Síónachas agus nach dtacaíonn sí leis na hionsaithe atá Iosrael ag déanamh. Labhair muid le hAnn Loughran a bhí amuigh lena cuid tacaíochta a léiriú agus d’inis sí dúinn faoin fhreagra dhearfach a fuair na gníomhaithe ón phobal agus iad amuigh ar an droichead.

Close
Close