Agallamh le hArdmhéara Dhoire - Caoimhín Mac Cathmhaoil

Tá bliain shuntasach ar siúl i nDoire i mbliana agus mórócáid chultúrtha ag teacht chuig an chathair ó thoir agus ó theas, Cathair Chultúir 2013 agus Fleadh Cheoil na hÉireann san áireamh.

Is as ceantar an Chreagáin i gCathair Dhoire d’Ardmhéara na Cathrach, Caomhín Mac Cathmhaoil.

B’oibrí pobail é sa cheantar céanna sular toghadh mar Ardmhéara é an samhradh seo caite.

Labhair Shane Ó Curraighín le Caoimhín faoi Chathair Chultúir 2013, faoin Ghaeilge sa chathair, faoin ghluaiseacht phoblachtánach agus faoina thréimhse mar Ardmhéara.

Agallamh an Ardmhéara

An tseachtain seo caite, thug Meon Eile cuairt ar Chathair Chultúir 2013 le léargas a fháil ar na himeachtaí atá rompu agus ar an chomhoibriú sa phobal. Seo chughaibh súil siar ar an mhéid sin agus blaiseadh ó Oíche Burns, céad imeacht na Cathrach Cultúir i gCultúrlann Uí Chanáin.

Close
Close