Ag cosaint stair na hÉireann - 1916

Tá stair an-suntasach bainteach le Sráid Uí Mhórdha i mBáile Átha Cliath mar is anseo a chaith ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916 a gcuid laethanta deireanacha sular ghéill siad do na Sasanaigh.

Cé go bhfuil Uimhreacha 14-17 Sráid Uí Mhórdha faoi réir Ordú Caomhantais faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, faoi láthair tá iarratas cead pleanála faoi athbhreithniú ag an Rialltas ag iarraidh ionad siopadóireachta úr a thógáil ar an dá thaobh de na tithe seo.

Tá coiste ‘Save Moore Street’ i mbun feachtais in éadan an iarratais agus iad ag moladh don Rialtas gur chóir go mbeadh an ceantar uilig caomhnaithe faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta agus go mbeadh athfhorbairt déanta ar an cheantar mar áit stairúil agus turasóireachta.

'Arms around Moore St.
Close
Close