Agóid i gcoinne tuairisciú 'claonta' faoi Ghaza

Agóid i gcoinne tuairisciú 'claonta' faoi Ghaza

Thart ar 800 duine a ghlac páirt i mbigil choinnle ar son síochána sa Phalaistín i mBéal Feirste oíche Dhomhnaigh.

Bhailigh an slua ag oifigí an BBC agus iad ar lorg go ndéanfadh an craoltóir ‘tuairisciú cothrom’ ar an chomhlint i nGaza.

Ní hé seo an chéad cháineadh ar thuairisciú an chraoltóra i leith na comhlinte. Tá cosaint déanta ag an eagraíocht ar a gcuid tuairisceoireachta:

“BBC News reports widely and extensively across TV, radio and online, on many different aspects of this ongoing and complex conflict. Our role is to explain what is happening and why and we endeavour to reflect a range of voices, amid deeply held views.”

Maraíodh os cionn 600 duine ón Phalaistín agus gortaíodh 3,150 eile ó thosaigh an choimhlint i nGaza coicís ó shin. 18 saighdiúir ó Iosrael a maraíodh sa tréimhse chéanna.

Seo achoimre ar an agóid agus bigil choinnle Dé Domhnaigh…

Bigil Coinnle

Tá Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ag lorg sos cogaidh a chur i bhfeidhm. Deir Príomhaire Iosrael, Binyamin Netanyahu, go léanfaidh a arm i mbun ionsaithe go mbainfear ‘a sprioc amach’.

Tá Comhairle Cearta Daonna na Náisiún Aontaithe le cruinniú a reáchtáil san Éigpt ar an Chéadaoin leis an choimhlint a phlé.

Close
Close