5 fhíseán cúrsaí reatha is mó ó 2017

Bliain chorraitheach, chonspóideach a bhí in 2016 i dtaca le cúrsaí reatha go háirithe sna Sé Chondae. Seo súil siar ar chúig fhíseáin a tharraing aird an phobail i mbliana…


Breis agus 12,000 duine ag éileamh Cearta, Cothromas, Cóir don Ghaeilge i mBéal Feirste

Breis agus 12,000 a ghlac páirt i mórshiúl i gcathair Bhéal Feirste i mbliana chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge a léiriú, reachtaíocht a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta beagnach 20 bliain ó shin agus a gealladh arís i gComhaontú Chill Rímhinn 10 mbliana ó shin.


Martin McGuinness 1950 - 2017

Fuair Martin McGuinness bás i mí Márta na bliana seo mar gheall ar fhadhb croí.

Labhair Meon Eile le roinnt daoine thart fá Bhéal Feirste chun a gcuid tuairimí ar an pholaiteoir aitheanta a fháil.


Léirsiú i gcoinne fheirm oisrí 99 acra i nGaeltacht Thír Chonaill

300 duine a ghlac páirt i mórshúil agóide in éadan fheirm oisrí 99 acra atá beartaithe don trá idir Rann na Feirste, an Bhráid agus an Charraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill.


Comhráite an Iar-Chéad Aire Arlene Foster leis na Gaeil

Bhí Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt imbliana mar gheall ar theip an Fheidhmeannais, dar le Conradh na Gaeilge, straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.



Ag Buanú Phobail Ghaeltachta: "Ní neart go cur le chéile”

Is i Rann na Feirste i dTír Chonaill a bhí Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana.

Bhí meascán mearaí d’imeachtaí á reáchtáil mar chuid den deireadh seachtaine, ach is é seimineár an tionóil a tharraing an aird is mo: ‘Ag Buanú Phobail Ghaeltachta’.




Close
Close