10km na Ceathrún Gaeltachta

Bhí 10km bliaintúil na ceathrún Gaeltachta ar siúl Dé Domhnaigh seo caite le 400 duine páirteach sa tríú bliain den rith.

I mbliana bhailigh an scaifte is mó riamh don rás, atá anois aitheanta i bhféilire reathaithe na hÉireann, agus iad ar fad ag tacú leis an fheachtas atá spreagtha ag Gael óg áitiúil, Dáithí Mac Gabhann.

Tá scéal Dháithí, atá ag fanacht le croí úr, go mór i mbéal an phobail agus tá feasacht ardaithe aige ar an tábhacht a bhaineann le deonú orgán. 

D’fhág na reathaithe an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál ag 9rn le dul ar camchuairt na ceathrún Gaeltachta, timpeall Bhóthar Seoighe, sula ndearna siad a mbealach trí Bhaile Andarsain agus ar ais go dtí an Chultúrlann.

Tháinig buaiteoir na bliana seo, Ed McGinley, isteach in 32'59''.

Bhí soláistí agus torthaí ar fáil nuair a shroich siad an Chultúrlann agus bronnadh bonn ‘10km na Ceathrún Gaeltachta’ agus t-léine ar gach rannpháirtí fosta.

Labhair Meon Eile le Máirtín Mac Gabhann, athair Dháithí, chomh maith le roinnt reathaithe áitiúla a ghlac páirt sa rith ar an lá chun blaiseadh den fheachtas carthanachta a fháil.

Tuilleadh eolais faoin fheachtas le fáil anseo: https://www.facebook.com/Donate4Daithi

Close
Close