‘Peace Boat’ na Seapáine ar camchuairt ó thuaidh

Thug an bád síochána ‘Peace Boat’ cuairt aon lae ar Bhéal Feirste le linn a mhuiraistir dhomhanda.

Is eagras neamhrialtasach é ‘Peace Boat’ a chothaíonn caidreamh idir eagrais ar fud na cruinne i réimse na síochána agus cearta daonna. Le coicís anuas, chónaigh dosaen Feirsteach ar bord ‘Peace Boat’ mar chuid de thogra trasphobail.

Le ‘Peace Boat’ ar ancaire Cois Cuain, thug rannpháirtithe an bháid cuairt ar phobal Bhéal Feirste, an Cheathrú Ghaeltachta san áireamh.

Chaith Meon Eile an lá leo agus labhair muid leo faoina n-aistear agus faoina n-gníomhaíochtaí.

Peace Boat

Stair ‘Peace Boat’…

Sna 1970/80í, bhí aighneas léinn sa tSeapáin ar ar tugadh ‘Japanese Textbook Controversies’.

Cuireadh i leith Rialtas na Seapáine go raibh cinsireacht déanta ar na leabhair staire a bhí á n-úsáid i méanscoileanna na tíre.

Dúirt tráchtairí idirnáisiúnta agus acadúlaigh nach raibh an fíorscéal faoi ghníomhaíochtaí arm na Seapáine sa Dara Cogadh Domhanda agus sa Chogadh Sín-Seapánach á insint sna scoileanna.

Is sampla é ‘Sléacht Nanking’ ar an saghas ábhair a ndearnadh cinsireacht scoile air.

Idir Mí na Nollag 1937 agus Mí an Mhárta 1938, mharaigh arm na Seapáine 250,000 duine i gcathair Nanking na Síne.

Tuairiscítear go ndearnadh éigniú ar 20,000 bean sa chathair sa tréimhse chéanna. Is beag trácht a bhí air seo i dtéacsanna scoile na tíre.

In 1983, mar aisfhreagra ar an chinsireacht scoile, d’eagraigh Kiyomi Tsujimoto agus scoláirí ollscoile eile an chéad turas de chuid ‘Peace Boat’.

Ba é sprioc an chéad turais ná go bhfoghlaimeodh scoláirí na Seapáine faoi stair chogaíochta a dtíre ó na comharsana idirnáisiúnta tríd phróiseas malartú foghlamtha.

Idir na blianta 1983 agus 1990, thug an bád cuairt ar na tíortha in aice láimhe léi ag soláthar oideachais faoi na cogaí éagsúla a tharla i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.

Thug an bád faoina chéad turas domhanda sa bhliain 1990.

Ó shin i léith, táthar tar éis cuairt a thabhairt ar laithreáin chogaíochta ar fud na cruinne.

Ainmníodh ‘Peace Boat’ do Ghradam Síochana Nobel in 2008.

Tá beagnach ceithre scór turas domhanda curtha i gcrích ag ‘Peace Boat’.

Bíonn ar rannpháirithe íoc ar son a dturais, seachas i gcás na ndeonaithe a bhíonn ag obair agus ag teagasc ar bord an bháid.

Close
Close