File Feirsteach ab ea Pádraic Fiacc a rugadh in 1924 agus a fuair bás in 2019. Anuraidh, mar chomóradh céad bliain ar a bhreith, eagraíodh roinnt imeachtaí le linn na bliana, agus is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál a thit an ceann deiridh amach.
I gcomhar leis an siopa leabhar An Ceathrú Póilí, seoladh ‘Turas Filíochta’, cnuasach dátheangach ina bhfuil 36 dhán de chuid Phádraic a ndearna 17 scríbhneoir Gaeilge iad a aistriú ón bhunleagan Béarla.
Labhair Meon Eile le beirt a raibh baint acu leis an saothar: Jake Mac Siacais, a scríobh an réamhrá agus a d’aistrigh dán amháin, agus Marcas Ó Murchú, a d’aistrigh dhá cheann de na dánta.
Labhair siad faoin phróiseas scribhneoireachta agus iad ag iarraidh brí dhánta Fiacc a choinneáil san aistriúchán Gaeilge. Mhínigh siad fosta an tábhacht agus an bhaint atá ag na dánta leis an lá inniu, nó pléitear téamaí coitianta iontu ar nós na himirce, na cogaíochta agus a bheith ag fás aníos.